site search

Folk Song Lyrics


Home Page >> Main >> >>

Preab San Ol Gaelic

A | B | C | D | E | F | G | H | I | J | K | L | M | N | O | P | Q | R | S | T | U | V | W | X | Y | Z | No | All

====

Traditional (Irish)
  1. Is iomaí slí sin a bhíos ag daoine
    ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
    is a laghad a smaoiníos ar ghiorra an tsaoil seo
    go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
    Más tiarna tíre, diúc nó rí thú,
    ní rachaidh pingin leat is tú ag dul faoin bhfód.
    Mar sin is dá bhrí sin níl beart níos críonna
    ná bheith go síorraí ag cur preab son ól.
  2. An long thar sáile níl cuan nó cearda
    nach gcaithfeadh cairde ar fud an domhain mhóir
    ó ríocht na Spáinne agus suas Gibraltar
    Agus ins an áit a mbíonn an Grand Senor.
    Le gach lasta ag líonadh málaí
    ní choinneodh an bás uaidh uair nó dhó.
    Mar sin, a chairde, níl beart níos fearr dúinn
    ná bheith mar táimid ag cur preab san ól.

Note: Not being a speaker of the Gaelic language, I can't offer any assistance regarding pronunciation. I would recommend searching the internet. A good start could be A Beginner's Guide to Irish Gaelic Pronunciation